{"product_id":"mafalda-don-aos-og","title":"Mafalda don Aos Óg","description":"\u003ch2\u003e\u003cstrong\u003eÁ FHOILSIÚ GO LUATH - réamhordaigh é chun é a bheith agat do Nollaig 2026\u003c\/strong\u003e\u003c\/h2\u003e\n\u003ch3\u003eTá ríméad ar Ghliadar an ghirseach cháiliúil Mafalda a chur in aithne do lucht léitheoireachta na Gaeilge. \u003c\/h3\u003e\n\u003cp\u003eNí caochóg ar cóisir í Mafalda. Is girseach í a thuigeann an saol agus nach gcuireann fiacail ann. Chruthaigh an cartúnaí \u003cstrong\u003eQuino \u003c\/strong\u003esan Airgintín sa bhliain 1964 í. Bíodh is gur girseach sé bliana d’aois í, tá clú agus cáil uirthi ar fud an domhain de bharr cé chomh greannmhar is atá sí. Ní haon dóithín í agus is maith atá sí in ann fonóid a dhéanamh faoin tsochaí, faoin pholaitíocht agus faoi sheafóid i gcoitinne. Ní miste le Mafalda ceisteanna cliste a fhiafraí agus is dual di bheith ionraic gan scáth gan eagla.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eTá clú agus cáil ar Mhafalda sna tíortha ina labhraítear an Spáinnis. Anois, tá sí agus a cuid cairde ann do léitheoirí nua in Éirinn. Seo eagrán faoi leith atá curtha in oiriúint do leanaí 7 mbliana d'aois is níos sine. Tá breis agus 200 leathanach de stiallacha greannmhara ina ndéanann Mafalda fonóid faoina tuismitheoirí, a cuid cairde, polaiteoirí agus an saol i gcoitinne.\u003c\/p\u003e\n\u003ch3\u003eAchoimre\u003c\/h3\u003e\n\u003cp\u003eAnraith, scoil, cairde, cluichí, grá, troideanna, éagóracha, tuismitheoirí, agus obair bhaile uafásach: tá gach lúcháir agus deacracht a bhaineann le bheith i do leanbh le fáil sa bhailiúchán seo de na stiallacha grinn is tairisceana, is greannmhaire, is aislingí agus is cliste ina bhfuil Mafalda agus a cairde doscartha Felipe, Susanita, Manolito, Libertad, Guille, agus Miguelito. \u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eCuireadh an t-eagrán faoi leith seo le chéile chun leanaí óga (agus daoine fásta fosta más mian leo) a chur ag léamh go fonnmhar agus chun gáire a bhaint astu.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e\u003cstrong\u003eFéach ar leabhar samplach chun blaiseadh de Mafalda don Aos Óg a fháil:\u003c\/strong\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003ch4\u003e\u003cstrong\u003eLéigh blaiseadh den leabhar anseo:\u003c\/strong\u003e\u003c\/h4\u003e\n\u003cdiv style=\"position: relative; padding-top: max(60%,324px); width: 100%; height: 0;\"\u003e\u003ciframe style=\"position: absolute; border: none; width: 100%; height: 100%; left: 0; top: 0;\" src=\"https:\/\/online.fliphtml5.com\/lehyr\/ilovepdf_merged-1\/\"\u003e\u003c\/iframe\u003e\u003c\/div\u003e\n\u003cp\u003eISBN: 9781738518555\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eAn Teideal: Mafalda Don Aos Óg\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eAn tÚdar: Quino\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eFoilsitheoir: Gliadar\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eAn tAistritheoir: Cáit Ní Mhórdha\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eTeanga: Gaeilge Uladh\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eLíon na leathanach: 216\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eFormáid: Clúdach bog\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eBliain foilsithe: 2026\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eAoisaicme: 7 mbliana d'aois agus níos sine\u003c\/p\u003e","brand":"Gliadar","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":54380119851355,"sku":null,"price":20.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0766\/4707\/2091\/files\/Cl_dach_Mafalda_don_aos_g.png?v=1792156875","url":"https:\/\/www.gliadar.ie\/products\/mafalda-don-aos-og","provider":"Gliadar","version":"1.0","type":"link"}